Planda caol bliantúil is ea cuimín a fhásann 50 cm ar airde, dúchasach do thuaisceart na hAfraice is iardheisceart na hÁise. Na duilleoga roinnte ina maotháin chaola, cosúil le snáithí. Na bláthanna bán nó bándearg, na peitil eangach. Na torthaí ubhchruthach le heitrí caola. Saothraítear é ar son na dtorthaí cumhra a úsáidtear mar spíosra, mar chomhábhar i bpúdar curaí, agus i gcócaireacht Mheicsiceach.
Clóscríobh symptom nó galar agus léigh faoi luibheanna a d’fhéadfadh cabhrú, luibh a chlóscríobh agus galair agus comharthaí a úsáidtear ina choinne a fheiceáil.
* Tá an fhaisnéis uile bunaithe ar thaighde eolaíoch foilsithe